Cad e fein
Startseite Zurück Ce qu'il est Lo que es Que é ele Was es ist - russisch Sto je to Was es ist - griechisch Wat het is Quod id est Kio gxi estas Vad det är Az ami Cad e fein Hva det er Ask Neyse Ce este Quello che e Hvar er det

 

 

Startseite
Zurück

Cad é féin

Seafóid is ea é
a deir an réasún
Is é é féin é
a deir an grá

Tubaiste is ea é
a deir an cuntas
Níl ann ach arraing
a deir an eagla
Tá sé doleigheasta
a deir an tuiscint
Is é é féin é
a deir an grá

Tá sé áiféiseach
a deir an t-uabhar
Tá sé scaipthe
a deir an t-aireachas
Tá sé dodhéanta
a deir an taithí
Is é é féin é
a deir an grá

ins Gälische übersetzt von Gabriel Rosenstock aus Irland
übermittelt von Hans-Christian Oeser